Ceisteanna Coitianta

1. Cé ar féidir leo bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
2. Conas a ndéantar mar bhall den Chonradh Cheilteach mé?
3. Cé mhéad a chosnaíonn sé bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
4. Conas ar féidir liom bheith gníomhach?
5. Ceard é Carn?
6. An féidir liom síntiús a fháil go Carn gan bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
7. Cá bhfuil craobhacha an Chonradh Cheiltigh?
8. An féidir liomsa craobh de chuid an Chonradh Cheiltigh a chur ar bun?
9. Cén fáth nach bhfuil an Ghailís liostáilte mar an seachtú náisiúin Cheilteach?
10. Conas a ndéantar cinneadh dul i mbun feachtais de chuid an Chonradh Cheilteach?
11. Conas a dtéim i dteagmháil leis an gConradh Cheilteach?

Cé ar féidir leo bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
Tá ballraíocht den Chonradh Cheilteach oscailte do chách a n-aontaíonn lena haidhmeanna, más ó tír Cheilteach de dhúchas iad nó má rugadh i dtír Cheilteach iad (ní riachtannais é cinne, reiligiún srl.), de shliocht Cheilteach nó duine ar bith a thacaíonn le aidhmeanna na heagraíochta.
Níl ballraíocht oscailte do dhaoine nach n-aontaíonn le na haidhmeanna seo nó atá mar bhaill, nó atá cleamhnas acu le eagraíochtaí nó grúpaí ag a bhfuil aidhmeanna a thagann salach ar aidhmeanna an Chonartha.
Mar aon leis an gcreideamh a chuireadh in iúl cheana i leith an náisiúntacht ní ghlacfar le duine nó grúpa ar bith a maíonn teoiric ar bith atá uaisleacht nó leithleachas cinígh ag baint leis.
Conas a ndéantar mar bhall den Chonradh Cheilteach mé?
Tá sé chinn de chraobhacha náisiúnta ag an gConradh Cheilteach sna tíortha Cheilteacha. Ina measc Alba, Breizh (An Briotáin), Cymru (An Breatain Bheag), Éire, Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileáin Mhanainn). Chomh maith leis sin tá trí chraobh chríche againn i Sasana, Stát Aontaithe Mheirceá, i bPatagóin na hAirgintín agus Craobh Idirnáisiúnta.
Is ball de eagraíocht an Chonradh Cheiltigh thú más ball de cheann ar bith de na craobhacha thú. Is féidir bheith mar bhall de chraobh ar bith den Chonradh ach moltar bheith mar bhall de chroabh an tír ina bhfuil tú lonnaithe agus gan ach bheith mar bhall de chraobh amháin ag an am.
Má tá cónaí ort i dtír nach bhfuil craobh faoi leith ann moltar duit bhieth mar bhall den chraobh idirnáisiúnta.
Tá eolas teagmhála Rúnaí na gCraoibh éagsúla le fáil anseo. Is féidir scríobh ag an Rúnaí Ginerálta chun breis eolais a lorg chomh maith.

Cé mhéad a chosnaíonn sé bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
Tá costas lán-bhallraíocht don Chonradh leaghaithe amach thíos:
Tá costas £14.50 ar chraobhacha Alba, Cymru, Kernow, Mannin agus chroabhacha Shasana.
Tá costas €24.00 ar Éire and Breizh.
Tá costas $30 ar chroabh na Stát Aontaithe
S’iad táillí na Craobhacha Idirnáisiúnta ná £14.50 / £20.00 / £22.00 / US$35.00 ach brath ar do suíomh
Conas ar féidir liom bheith gníomhach?
An bealach is fear bheith gníomhach le feachtaisí agus gníomhaíochtaí an Chonartha ná chun bheith mar bhall de chraobh, a rá le Rúnaí na Craoibhe gur mhín leat bheith páirteach i gníomhaíochtaí na craoibhe agus freastal ar chruinnithe craoibhe.
Is féidir chomh maith dul i dteaghmháil le ball den Chomhairle Ginerálta nó Rúnaí Craoibhe trí gliogáil anseo agus an foirm chaoi a líonadh isteach.
Ceard é Carn?
Is iris cóip crua de ard-chaighdeáin a bhfoilsíonn/thargaíonn an Chonradh Cheilteach é Carn.
Bunaithe sa bhliain 1973 is é an foilseacháin is faide reatha dá sórt ar domhan é Carn agus is é an t-aon iris a bhfoilsíonn ábhair i ngach teanga Cheilteach ar bhonn rialta.
Tá sé roinn náisiúnta laistigh den iris maraon le rannán amháin ginerálta, ‘Celtica’. Foilsítear an iris gach ceathrú bhliain le neart ailt i mBéarla agus ailt de chuid na teangacha éagsúla naisiúnta sna rannáin náisiúnta chaoi.
Gliogáil anseo do bhreis eolais.
An féidir liom síntiús a fháil go Carn gan bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach?
Is féidir. Tá cead ag eagraíochtaí nó daoine aonaracha síntiúis a fháil go Carn gan bheith mar bhall den Chonradh Cheilteach. Chun leasa na heagríochta tá an ceart ag an gConradh Cheilteach diúltú do iarratas ballraíochta ar bith gan míniú forimeáilte a thabhairt.
Tá na taillí síntiús bliantiúl éagsúla do Charn leagaithe amach thíos:
Tá £13.50 ar cheithre eagráin sa Ríocht Aontaithe, Oileáin Mhannain agus na hOileáin Mhuir nIocht.
Iarr síntiús ar Chroabh Alba, Cymru, Kernow, Mannin, Sasana nó ón gCraobh Idirnáisiúnta
Tá €23.00 ar ceithre eagráin do dhaoine san Aontas Eorpach lasmuigh den RA.
Iarr síntúis ó Chraobh na hÉireann nó ó Chraobh Breizh
Tá $30 ar cheithre eagráin sna Stáit Aontaithe
Iar síntúis ón gCraobh Idirnáisiúnta nó ó Chraobh na Stáit Aontaithe
Tá £20.00 ar cheithre eagráin don chuid eile den domhain
Iarr síntiús ón gCraobh Idirnáisiúnta
Cá bhfuil craobhacha an Chonradh Cheiltigh?
Tá sé chinn de chraobhacha náisiúnta ag an gConradh Cheilteach sna tíortha Cheilteacha. Ina measc Alba, Breizh (An Briotáin), Cymru (An Breatain Bheag), Éire, Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileáin Mhanainn). Chomh maith leis sin tá trí chraobh chríche againn i Sasana, Stát Aontaithe Mheirceá, i bPatagóin na hAirgintín agus Craobh Idirnáisiúnta.
An féidir liomsa craobh de chuid an Chonradh Cheiltigh a chur ar bun?
Tá sé sin indéanta.
Is féidir craobh ‘idirnáisiúnta’ den Chonradh a chur ar bun má sásaítear na critéir seo a leanas:
1.
Tá ar a laghad 15 ball i dtír lasmuigh de na tíortha Cheilteacha ina bhfuil daoine ó dhá thír Cheilteach ar a laghad ina measc agus iad sásta comhoibriú trí grúpa a chur ar bunn chun aidhmeanna an Chonartha a chur i gcríoch.
2.
Ceadaíonn Comhairle Ginerálta an Chonarth an craobh ionchasach agus déantar daingniú air ag CGB (cruinniú ginerálta bliantúil) an Chonartha.
Is féidir craobh ‘críche’ a bhunú má chlaítear leis na conníolacha thuasluaite sna háiteacha sin ina labhraítear teangacha Cheiltigh mar teanga stairiúl an phobail m.s.h An Phatagóin (Argintín) nó Alba Nua (Ceanada).
Is fédir craobh ‘áitúil’ a bhunú :
1. In aineoinn a áit breith nó líon na baill má bhalíonn siad le chéile chun aidhmeanna an Chonartha a chur i gcríoch agus chomh fada is a bhfuil siad cleamhnaithe le craobh áirithe an Chonartha.

Cén fáth nach bhfuil an Ghailís liostáilte mar an seachtú náisiúin Cheilteach?
Bheartaigh an Chonradh Cheilteach ar critéar teangeolaíochta do bhallraíocht náisiúnta an Chonartha sna 1980idí a bhí bunaithe ar sainmhíniú den téarma ‘Ceilteach’ agus an brí a bhí aige.
Sa sainmhíniú seo deirtear gurbh ann do cheantar Cheilteach más rud é go labhraíobh teanga Cheilteach mar teanga stairiúl phobail laistigh de beochuimhne daoine. Bhí agus tá an sainmhíniú seo fós inghlacaithe i measc scoláirí Cheilteacha agus an gluaiseacht Pan-Cheilteach. Dá bhrí sin ní féidir leis an nGailís craobh náisiúnta a bhunú mar gheall gurb é teanga nua-aimseartha stairiúl na háite ná Galego (teanga rómánsis) agus is amhlaidh atá ar feadh na céadta.
Dár ndóigh is féidir craobh idirnáisiúnta den Chonradh a bhunú sa Gháilís má chlaítear leis na rialacha chaoi atá leagaithe amach i mBunreacht an Chonartha.
Conas a ndéantar cinneadh dul i mbun feachtais de chuid an Chonradh Cheilteach?
Is féidir le cinneadh a bheith déanta i leith feachtais an Chonradh Cheiltigh ag leibhéil na craoibhe agus ag an CGB trí teacht ar chinneadh comhaontach ar rúin ar bith a chuireann oifigigh an Chonartha nó ionadaithe craobh ar bith chun chinn. Is féidir le Comhairle Ginerálta an Chonartha glacadh le rúin ar bith a chuirfeadh feachtas áirithe ar bun chomh maith. Is féidir le Comhairle Ginerálta Oifigigh an Chonartha feachtais a chur ar bun chomh maith, chomh fada is a chlaítear le aidhmeanna an heagraíochta mar atá leagaithe amach sa Bunreacht.
É sin ráite, is iad na rúin a chuirtear tríd ag CGB an Chonartha formhór oibre an Conradh Chleiltigh.
Conas a dtéim i dteagmháil leis an gConradh Cheilteach?
Is féidir dul i dteagmháil le Rúnaithe Craoibhe agus Oifigigh an Chonartha tríd an foirm seo a líonadh amach

Share this!
Share On Facebook
Share On Twitter
Share On Youtube
Contact us