Eolas Fúinn

Stair

Bhunaigh náisiúnaithe Ceilteacha an Conradh i 1961. Chonaiceadar go raibh gá le eagras polaitiúil idir na pobail Ceilteacha chun na pobail Ceilteacha a chur ar an eolas ar an dlúthchaidrimh eatarthu de bharr a dteangacha, a stair agus a gcultúir, chun an ceart atá ag na pobail Ceilteacha a bheith neamhspleách a chur chun cinn agus chun na tairbhí a bhaineann le comhoibriú idir-Cheilteach a chur chun cinn.

Comhdhéanamh

Tá craobhacha againn sna sé tíortha Ceilteacha – Alba (Albain), Breizh (An Bhriotáin), Cymru (An Bhreatain Bheag), Éire, Kernow (Corn na Breataine), Mannin (Manainn), mar aon le craobh i Sasana, sna SAM, craobh san Airgintín agus craobh idirnáisiúnta.

Oibríonn na craobhacha i gcomhar le chéile ar ábhair éagsúla mar is gá. Déanann Ard-Rúnaí an Chonartha comheagar ar an obair seo.

Ár dTaoisigh

Tá an Conradh Ceilteach faoi stiúir na feidhmeannaigh seo a leanas, mar atá sonraithe i mbunreacht an Chonartha Cheiltigh:

· An Tionólaí
· An tArd-Rúnaí
· An Leas Ard-Rúnaí
· Stiúrthóir Eolais
· Cisteoir
· Eagathóir CARN

Tá Rúnaí Craoibhe ann do gach Craobh Tíorthúil, Rúnaí Craoibhe do na trí chraobhacha dhúichíocha, mar aon le Rúnaí Craoibhe don gCraobh Idirnáisiúnta.

An Ardchomhairle agus Craobhacha

Is iad na daoine thuasluaite atá mar chomhaltaí d’Ardchomhailre an Chonartha. Toghann baill na craoibhe gach Rúnaí Craoibhe go daonlathach ag Cruinniú Chinn Bliana (CCB), agus toghtar comhaltaí eile na hArdchomhairle ag CCB an Chonartha Cheiltigh, a reachtáltar i dtír Cheilteach éagsúil gach bliain.

Feidhmíonn gach craobh den Conradh mar is mian leo féin, ach iarrtar orthu tuairisc a thabhairt ar na ngníomhaíochtaí a bhí ar siúl acu do chomhaltaí an Chonartha ag an gCCB.

Share this!
Share On Facebook
Share On Twitter
Share On Youtube
Contact us