Baile

Na Tíortha CeilteachaIs eagraíocht idirCheilteach é An Conradh Ceilteach a shaothraíonn ar son cearta polaitiúla, teanga, cultúrtha agus comhdhaonnacha na tíortha Ceilteacha. Déanann sé seo i réimse leathan de shaincheisteanna. Léiríonn sé don saol mór nuair a sháraítear cearta an duine; coinníonn sé súil ar imeachtaí míleata agus díríonn sé ar shaincheisteanna polaitiúla, socheacnamaíocha, chomhshaoil, teanga agus cultúrtha, a imríonn tionchar i gcoitinne nó ar bhealach áirithe ar thír Cheilteach amháin nó níos mó ar bhealach éigin. Tá sé mar chuspóir ag an eagraíocht cuidiú leis na tíortha Cheilteacha neamhspleáchas a bhaint amach agus chun tairbhe má bhíonn comhair idir na tíortha Cheilteacha a chur chun cinn. Mar aon le sin, cuireann an Conradh an saol mór ar an eolas maidir le nithe, dár linn, a bhfuil baint acu le muintir na tíortha Ceilteacha.

Déanaimid ár ngnó a chur i gcrích tríd an obair a dhéanann na craobhacha agus an Ardchomhairle; trí CARN, irisleabhar den chéad scoth a fhoilsiú gach ráith agus trí nuacht Ceilteach a chraobhscaoileadh.

Is féidir le daoine a aontaíonn le cuspóirí an Chonartha bheith rannpháirteach in obair an eagrais trí chlárú mar bhall den Conradh Ceilteach, atá ar oscailt do chách agus bíonn síntiús do CARN mar chuid den bhallraíocht. Mar rogha eile, is féidir lenár lucht tacaíochta bheith ar an eolas trí shíntiús a cheannach do CARN agus/nó clárú chun ár nuacht a fháil agus/nó bheith linn ar na suíomhanna idirlín seo a leanas:

YouTube facebook_logo flickr Twitter

Share this!
Share On Facebook
Share On Twitter
Share On Youtube
Contact us